Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

41. A INÍON ÁLAINN CHIÚIN UÍ NÉILL











A iníon álainn chiúin Uí Néill,

Is fada do shuan tar éis áir,

Is nach gcluin uaisle do chine féin

Thú ag caoineadh do spré tar éis a bháis.
Ceiliúr an éin lúfar luath

Theastaigh uait, a fhaoilinn bháin:

Cha bhíonn tubaiste ach mar a mbíonn spré,

Is déansa foighid ó ghreadadh lámh.
Ó ghreadadh lámh is ó shileadh rosc

Glacsa tost, a fhaoilinn úir;

A iníon álainn chiúin Uí Néill,

Faoi bhás an éin ná fliuch do shúil.
A fhaoilinn a d’fhás ó ardrí Uladh na Rí,

Fuirigh mar atá – is fearr é ná imeacht le baois

Faoid éan beag a b’áille gáire ar ionnall na gcraobh:

Chan ceist duit a bhás go brách is é nite le haol.