|
60. AN DÁ SHÉAN |
|
|
|
|
|
|
|
le Peadar Ó Doirnín |
|
|
|
|
|
|
|
Bhí Séan againn ba suairc i gcéill,
|
|
|
Sréadaí uasal na seanGhael,
|
|
|
|
Adharc líonta riamh faoina choim
|
|
|
|
Níor iarr ach fíon de chomhroinn. |
|
|
|
|
|
|
|
Séan a phronnadh maoin is ór |
|
|
Mo chrá ina luí faoi thromfhód,
|
|
|
|
Is Séan nach roinneann spré ná leann |
|
|
|
Ina ionad mo léan go maireann.
|
|
|
|
|
|
|
|
Is annamh thig díth céille i gcéill, |
|
|
Séan dob fhearr ná an chéadShéan;
|
|
|
|
Séan mar Ghuaire i gcill ina luí
|
|
|
|
Is Séan mar thuata ina chathaoir. |
|
|
|
|
|
|
Den dá Shéan sin dob é an Séan dob fhéarr liom ina phríomháidh beo |
|
Séan dob fhéile de shliocht Mhilesius ba dísle nós,
|
|
Ós é nach séanadh fíon ar éigse agus dhíoladh scór;
|
|
Ach an dara Séan seo, bíonn fuiscí ina adharc leis: ní bhfuighinn uaidh deor. |