Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

56. AR NA CEITHRE CRÍOCHA DÉANACHA













le Pádraig Ó Pronntaigh

Cuimhnigh, a pheacaigh, ar do chrích

Is go dtiúrfaidh an Rí chun cuntais thú
Ar son gach briathair, smuaineadh is gníomh
Ar feadh do shaoil dar chiontach thú.
Cuimhnigh go cinnte ar an mbás,

Cé bhír neamh-chásúil ann gach uair,
Is go dtiocfaidh id ionsaí gan ro-spás
Cé taoir láidir lán de dh’uaill.
Cuimhnigh fós ar an mbreith fhíor
Do bhéaras an Rí ort, monuar:
Go gcuirfidh thú i nglóir shíor
Nó go hIfreann síos i dtintibh buan.
Cuimhnigh do chríoch go síoraí, a dhuine atá i suan,

Is ar an mbreithiúnas fhíor tá ag Críost i do choinne Lá an Luain:

Flaitheas má shaothraís beir choíche ar deasláimh an Uain,

Ach sa bpeaca má bhír is leat piantaibh Ifrinn go buan.