|
49. EOIN Ó MEARÁIN |
|
|
|
|
|
|
|
le Muiris Ó Gormáin(?) |
|
|
|
|
|
|
|
Caogad míle maighdean óg
|
|
|
Go ngnúis aobhdha is go ndea-chló
|
|
|
|
Uaim le dithneas go saoi an ghrinn,
|
|
|
|
Go hEoin Ó Mearáin adeirim. |
|
|
|
|
|
|
|
Mo bhandáil mhíonla romham sa tslí |
|
|
Gan bhrat gan fhallaing gan léinidh,
|
|
|
|
Is cé táid faofa, is é deir Eoin
|
|
|
|
Go bhfuighid síoda is maothshról. |
|
|
|
|
|
|
|
Is é deir Eoin an dara feacht, |
|
|
Scrúdthóir na n-údar go láncheart,
|
|
|
|
Go bhfuighid fáilte is fleá gan bhrón
|
|
|
|
Is gach fíon is daoire sa chomhól. |
|
|
|
|
|
|
Do chuir mé isteach faoi ghlas an bhantracht chaoin |
|
Faoi shéala cheart, is dairte Chúipid tríd,
|
|
Óir dá bhfaiceadh an teachta, Donncha óg, a ngnaoi
|
|
Do bhéarfadh a shearc dá ndreach is do thriallfadh leo sa tslí. |