|
44. FREAGRA PHEADAIR UÍ DHOIRNÍN |
|
|
|
|
|
|
|
le Peadar Ó Doirnín |
|
|
|
|
|
|
|
Más libh amháin is le mic Dhaghdha |
|
|
Blaiseadh tiobraid na niamh n-áille,
|
|
|
|
A Dhia, cá bhfuaradar faoi seach |
|
|
|
Saoithe Rómhánda a n-intleacht?
|
|
|
|
|
|
|
|
Nó Inis Fáil dá macaibh dil |
|
|
Srotha tonnmhara saorghlan
|
|
|
|
Na heagna anallód, á rá linn
|
|
|
|
Aonbhrugh eoil an domhain? |
|
|
|
|
|
|
|
Nó iatha iomdha an bheatha bhuain |
|
|
Is gach tír iontu gan anbhuain |
|
|
|
Ag cothú éigse, file is fáithe
|
|
|
|
I dtuilte tréana tromdháimhe?
|
|
|
|
|
|
|
Nach buile an chiall seo a mheas gur diamhair daoibh féin a chin |
|
Sruth na niamh nua go huile d’fhéachaint is é de ghréas ag silt?
|
|
Ó thiobraid dhiaga ghlan na Tríonóide is léir go dtig
|
|
Na tuilte grianghlana úd a ruithnigh fialmhacnaigh Éabha ó shin. |