Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

43. PÁDRAIG MAC A LIONDAIN













le Séamas Dall Mac Cuarta
A leannáin ghrá na dtrí dtriúr

De mhaighribh áille gan ainiúl,

Ach mac an Daghdha is tú thoir

Ní bhfuair Clann Ádhaimh dá dtiobraid.

Más de dhraíochta Thuatha an draoi

Fuair mac Daghdha dá gcaraidh,

Is tré mhilseacht do mhéar glan binn

A ceangladh bá do chumainn.
Is tré chanúint do bhéil dhorcha ghrinn,

Ag lorg Thoirealaigh an tseanfhoinn,

Do thabhaigh duit tiobraid na dtrí sruth

Is naonúr Muses á n-ainmniú.
Más tré chaitheamh dísle don eagna is mithid libh chun báis mo chur

Fán tiobraid shíthe dá bhfuil sibhse líonta, is gan trá ina bun,

Is gach tuile díofa ar an aiste chéanna ag fás gan scor,

Nó an mise d’íocfadh an mhil do scaoileadh tré bharr bhur gcrobh?