Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

42. SÉAMAS DALL MAC CUARTA













le Pádraig Mac a Liondain
A leannáin fhíre na sua,

Ansacht gach ríoghain dreachnua,

A fhoclóir caomhcheart bhur bhfoinn

Ler dúisceadh dísleacht gach léighinn;
Ort níor cheil, más dual a rá,

Dhá mhac Allóid a dtromghrá

Le bhfuarthas eolas in am tart’

Go sreabha síthe na hintleacht’.
Léigheann súl cé nach léir daoibh,

A ghnúis chéillí gan anaoibh,

Dar liom ní tearc fá do choim

Gach téama is daoire den fhoghlaim.
Is ó na trí triar atá ag tobar niamhghlan Castália d’ibh

An file grianachsa an deoch do riar thart ar ball mar dhubh,

Gach tuile dá dtriallann den eagna chéanna uaidh ag fás mar mhil,

Ag friothamh siansa na n-aiste diamhair ón mbánsruth thoir.