Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

24–34 NA FÉILTE MUIRE













le Séamas Dall Mac Cuarta
26. FÁILTE AN ATHAR
Fáilte an Athar duit ar tús,

A mhaighdean mhúinte darb oighre Dia;

Fáilte ó na Naoi nOird faoi seach

Ós inniu atá ar Neamh do thriall.
Cé hí an mhaighdean do rug mac

Agus tógadh suas ar Neamh ina hóigh?

Ach amháin Muire ní dheachaigh bean

Idir chorp is anam isteach sa ghlóir.
Cár bheag an moladh do Mhuire amháin
Í a bheith ina máthair ag Rí na nDúl?

Gur di a foscladh doras Pharthais,

Fuair slí na ngrás chun aithrí dúinn.
A Mhuire is a bhanríon, a mháthair is a bhanaltra Dé

Is a loinnir na háille dhealraíos solas na réalt,

Guigh thusa ar an Athair thug pálás Neamha duit féin

Gan mise a bheith gártha i láimh na ndeamhan ná i bpéin.