Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

23. PÓL CÉITINN













le Seán Ó Baotháin
Dia do bheatha, a chuid mo choim,

Dia do bheatha go daoineach Duibhlinn;

Dia do bheatha i bhfáilte is céad,

A scanrú mhórga an mhóréag.
A ghaiscigh chróga, a fhir chloíte an bháis,

Do chriothnaigh an t-éag re huafás;

Seo fod thuairim an cornsa lán

Re ‘Dia do réiteach’, a ro-ghrá.
Athchorn lán don ghrís gan gruig,

Do Christian, nár dhleacht a dhearmad,

Don stua mhaorga, don mhánla mhín,

Íoclia páirteach mo Phóilín.
A Phóil chléibh, na céadta fáilte romhat

Re póg mo chléibh dod bhéal binn bláithcheart cóir;

Is dóigh go mbéimid aerach sásta, ó bhrón,

De dheoin Dé mar d’éirigh ó bhás mo Phól.