|
21. ÉAMANN Ó BROIN |
|
|
|
|
|
|
|
le Seán Ó Neachtain |
|
|
|
|
|
|
|
Daonnacht, críonnacht, crábhadh, |
|
|
|
Caoineas, fáilte, fairsne,
|
|
|
Umhlacht, úire is uaisle
|
|
|
|
Tá monuar san bhfeartsa. |
|
|
|
|
|
|
|
Fáidh ceart feasach fíre, |
|
|
|
Treoir ghlan, díreach dreachach,
|
|
|
Sampla niamh na ndéa-bheart,
|
|
|
|
Táid, mo léan, faoi leacaibh. |
|
|
|
|
|
|
|
Is príomháidh próimhidh pronntach, |
|
|
|
Easpag ungadh sagart,
|
|
|
Scoth na mBranach buíonach:
|
|
|
|
Táid ’na n-aon san bhfeartsa.
|
|
|
|
|
|
|
Beannaithe an bonn gan roinn a bhfuil é ina lár, |
|
An baitheas, an com a d’iompair sé de ghnáth;
|
|
Is creachta go lom tá fonn glan féarghlas Fáil
|
|
Ó leagadh sa tumba ár muirn, ár bhfeidhm, ár bhfáidh. |