|
101. A GHAEILGE MHILIS IS SÁIMHE FONN |
|
|
|
|
|
|
|
|
A Ghaeilge mhilis is sáimhe fonn, |
|
|
Mear mór láidir mar réab na dtonn,
|
|
|
|
Níor choir do labhairt i bhFódla am
|
|
|
|
Is ní bhíodh do bhaird-mhil i nguais a gceann. |
|
|
|
|
|
|
|
Ní bhfuil aon teanga sa mbeatha mbreas |
|
|
Chomh líonmhar ághmhar ná chomh caomhdheas;
|
|
|
|
Gé aimsir fhada faoi smacht an-teann
|
|
|
|
Táir cinnte i státa, gé do chairde fann. |
|
|
|
|
|
|
|
Ó chlann an Bhéarla is mór an dua |
|
|
Do tháinig chugat le reacht an-chrua:
|
|
|
|
Do scriosadh scríbhne is leabhra grinn
|
|
|
|
Is is mór an t-iongnadh go mairir ann. |
|
|
|
|
|
|
|
Ghlac eagla ábhal clann na Galltachta |
|
|
|
Go bhfiosfadh an Fáltreibh a ndíne fíor |
|
|
Is go lasfadh meanma in gach uile pháiste
|
|
|
|
Ar scriosadh a aithre faoi cháin sa tír; |
|
|
Do loisceadh teampaill is leabhra bána
|
|
|
|
Is, mo mhíle crá fós, gach saoicheap léinn,
|
|
|
Is d’ainneoin a ngliocais táir cinnte i státa
|
|
|
|
Is beir go bráth fós, gé ro-dhaor a phéin. |