Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

58. CHAN SRANNÁN SEANDUINE DED SHÓRT











Chan srannán seanduine ded shórt

A mheallfadh fós géag mar táim;

Ba aite liom scafaire an úr-chró

A leagfadh ar dóigh mo chúl le lár.
Chan é an seanduine bheith os mo chionn

Bheirim droim is freiteach dó:

Tabhair a dheasca don bhfear a d’ól an leann,

Is cha sásaíonn greann an bhean níos mó.
Ní beag liom fad mo spéis’

In do chumadh bréag is cur orm cluain;

B’fhearr liom fear nach déanfadh pléid

Is rachadh de léim dem ainneoin suas.
Ba aite liom suairceas ar uaigneas coille

Ó scafaire shuairc a mbeadh a chuaille ina[…],

Chan é an seanduine suaite a mbeadh ruagaire[…]

Nach rachadh sé suas ach mura mbuail siad ar[…]