Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

54. TÁINIG GO TEAGHLACH RÍ AN DOMHAIN











Táinig go teaghlach Rí an Domhain

Gruagach déadgheal dathamhail,

Eala ina láimh leis ón mbrugh

Ag siúl go sáimh ar slabhradh.
Fá miste mná fios a rúin

I dteaghlach Ching éadmhair Artúir:

Scéala ón eala bhinn bhuig

Is dá bhfearaibh is tinn thánaig.
Ní ghéabhadh an t-éan tais ón toinn
Bia san mbith ón mnaoi altraim;

Ní ghéabhadh ón mnaoi bhasghil bháin

Gan fíon go mblasmhil d’fhagháil.
An eala mhaiseach do tharraing an gruagach léi,

Nach géabhadh beatha san teach sin a mbuailfí é

Ach fíon dathghlan de bhasaibh na suaircbhan séimh

Nach déanann malairt ar a bhfearaibh go huair a n-éag.