Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

51. IS TAIRIS LINN DO THEACHT DÁR dTÍR











Is tairis linn do theacht dár dtír,

A úrchnis chaoimh na gcamchiabh tais;

Bheith duitse, más fíor do chách,

Deirid go bráth nach ligim a leas.
Is cuma liom: beadsa di

Cibé ar sa mbith thiocfas as;

Beidh m’ansacht aici d’aimhdheoin cháich,

Cuirim i gcás nach ligim a leas.
Cuirim i gcás nach ligim a leas,

Beadsa choíche i gceasnaí bróin

Go bhfaice mé cúl na sreabh

Fúm seal ar an gcaoi chóir.
Is í Síle, mar shaoilim, í droim ar ais,

Dh’fhág saoithe na críchese uile sa gceas;

Is díth liom, is mé ar siabhradh buile dá seirc,

Gur saothar saoire mo shaothrú is nach ligim a leas.