Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

46. FAIGH MO CHIALL DOMH Ó GHRUAIMÍN











Faigh mo chiall domh ó Ghruaimín,

A shagairt uasail na paráiste:

Is fíneálta a ghoid sé uaim í,

Ag cur whiskey suas i mo choráiste.
Le tógáil na ngloiní in airde

Ag slogadh sláinte gach féile,

Níl a fhios agam nach ag Máire

A thit pátrún mo chéille.

Cibé hacu ghoid uaim í,

Máistir Gruaimín nó an mhaighdean,

A shagairt ná lig leo í

Má tá luach d’ór acu in Éirinn.

A Shagairt Uí Néill, de shliocht Fhéilim is Chonaill an áigh,

Ná lig intleacht mo chéille uaim féin le haon duine de Shíol Ádhaimh:

Le seacht mbliana déag tá Séamas á goid uaim gach lá

Is níor chodail sé néal sa ré sin gan cuid di ina láimh.