Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

37. GEARÓID MAC CON MÍ











le Proinsias Ó Doibhléin
Gach craiceann libh dár feannadh

Air feadh gach aird sa tírse,

Anois ó fuair siad leasú

Is maith an t’ábhar bríste.
Ní fearr leat craiceann bathlaigh

Ag a mbíodh a lámh san aoileach

Ná seiche Uí Néill, an barraí,

Á gearradh le deimhsibh faobhrach.
Is olc do cheard, dar liomsa,

Olc do pháirt le saoithe;

Is olc do dheireadh cumainn,

Olc do ghléas chun maoine.
Le géire bhur dteangan do feannadh libh uaisle Gael,

Cé súgach chaithidís oraibhse a maoin is a spré;

A bhunadh na mallacht nach glacadh siúd, is a fháil go réidh,

Go bhfaighe sibh banbh na muice nach rugadh is nach béarfaí é!