Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

24–34 NA FÉILTE MUIRE











le Séamas Dall Mac Cuarta
32. AG SEO CEANN AN DAICHEAD LÁ
Ag seo ceann an daichead lá:

Chuaigh banríon Neamh na néal

A dhéanamh íobartha don Athair

Isteach don teampall le Mac Dé.
Do bhí Simeon, fear gan treoir,

Ina sheanduine phróimhidh is é in aois;

Is iad na fáithe do thairngir dó

Go mbeadh beo go bhfaicfeadh Críost.
Beireas ar Íosa ina dhá láimh

As ucht banríon Neamh na naomh:

‘A Shoilse an tSaoil, ós domh bhí i ndán

T’fhaicsin slán, lig mé as pian.’
A mhaighdean is muirní d’iompair Mac agus Dia,

A ríon is cuimsí shoilsigh amharc ná an ghrian,

A bhanríon os cionn gach oird dá leanann do riail,
A mháthair na hurnaí, coimrí m’anama, is iarr.