Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

24–34 NA FÉILTE MUIRE











le Séamas Dall Mac Cuarta
31. DO RUGADH MAIGHDEAN
Do rugadh maighdean faoin amsa

Chum fuascailt na n-anmann as piantaibh,

Tá inniu i bhFlaitheas ina banríon

Is is aici do chónaigh Críosta.
Aon duine riamh dá leanmhantaigh

Ní dhearna dearmad díofa:

Níor lig a n-anam a dhamnú

Le spioradaibh deamhnaí an íochtair.
A maireann de mhnáibh ar talmhain,

Níorbh fhiú a samhlú don inínse,

Is gur treise maighdean dá bantracht

Ná na céadta banríon shaolta.
A bhean do ghní an tréas agus thréigeas Muire os ard,

Is gur dise do ghéill Mac Dé ina buime is ina máthair,

Dá mbíodh dalta agat féin, rú, a chéirseach amaideach mhná,

Níor charaid dó an té a dhéanfadh éagóir ortsa ina láthair.