Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

24–34 NA FÉILTE MUIRE











le Séamas Dall Mac Cuarta
29. DÉANAIMID GAIRDEACHAS
Déanaimid gairdeachas ar mhian

Le teacht Íosa in ucht na hóigh’:

Cuinim an lae inniu tháinig an t-aingeal

Ag fáiltiú don inín bheannaithe mhóir.
Briathra an Athar ag teacht chun crích’

Dalta na n-aingeal a cheartaigh an riail,

Ceannaí ár n-anmann, is ní le hór

Ach fuil bheannaithe dhóirt ó Dhia.
Maighdean, banríon, bean gan mhairg,

Ríon nár thuill meirg ó chách,

Is aici ó Neamh do chónaigh Dia

Mar fuair an réalt glan tar mhnáibh.
Réalt is glaine ná an criostal fá dhó is an ghrian,

Réalt na n-aingeal nár milleadh a hóighe riamh,

Réalt is gile is is finne dár chóirigh Dia:

Is í an réaltsa Muire gheibh iomad na n-ord as pian.